Teicneolaíocht

Soghluaiste

De réir figiúirí ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, tá 5.7m ‘gnáth’-shíntiús teileafóin shoghluaiste (is é sin,  leathanbhanda soghluaiste agus síntiúis meaisín le meaisín) in Éirinn ó R1 2023. Fágann sé seo go bhfuil 109 síntiús in aghaidh gach 100 duine. Tá an lámh in uachtar ag trí chomhlacht ar an margadh: an Grúpa Three (43.6% de sciar den mhargadh), Vodafone (33.2%) agus Eir (14.8%). Áirítear an chuid eile den mhargadh faoin bhfocal OME (“Oibreoirí Malartacha Eile”). Níl a mbonneagar féin ag OMEnna ach déanann siad conarthaí le ceann amháin nó níos mó de na trí cinn mhóra chun acmhainn a fháil ar cíos ar a líonraí. Is é Tesco Mobile, arb ionann é agus 4.8% de na síntiúis go léir ó R1 2023, an príomh-OME a úsáideann líonra Three Ireland.

Leathanbhanda

Tá ról suntasach ag Oibreoirí Fón Soghluaiste sa mhargadh leathanbhanda freisin. Soláthraíodh 339,293 síntiús leathanbhanda as iomlán 1.96m i R1 2023 trí sheirbhísí fón soghluaiste. Tá Three chun tosaigh, arís, agus suas le 43.2% d’iomlán na síntiús leathanbhanda fón soghluaiste aige, agus 39% agus 17.8% ag Vodafone agus Eir faoi seach.

Laistigh den mhargadh Leathanbhanda Seasta, nasctar síntiúsóirí trí mhéid áirithe teicneolaíochtaí: SCAA (“Snáithín chun an Áitribh”), LDFR (“Líne dhigiteach fhíor-ardluais rannpháirtí” a sheachadtar thar bhonneagar péireáilte copair”), Leathanbhanda Cábla agus LDR (“Líne Dhigiteach Rannpháirtí” – curtha ar fáil arís thar línte gutha). Is iad SCAA agus LDFR is coitianta anseo, agus 537,244 agus 513,916 faoi seach acu as iomlán an 1.6m línte seasta leathanbhanda in Éirinn.

Is é Eir is tábhachtaí maidir le leathanbhanda seasta, agus 27.6% de sciar an mhargaidh aige ó R1 2023. Ina dhiaidh sin, tá Virgin Media (23.6%), Vodafone (20%) agus Sky (14.5%) a úsáideann bonneagar Eir go ginearálta chun luasanna leathanbhanda a sholáthar.

De réir staitisticí ón gCoimisiún Eorpach, b’fhéidir go mbeadh teacht ar “Leathanbhanda don Chéad Ghlúin Eile” ag 96.4% de theaghlaigh na hÉireann, ón mbliain 2021 i leith. (Is é sin, bhí cónaí orthu i gceantar a bhfuil leathanbhanda ar fáil.) B’annaimhe luasanna ab airde ná sin: ní raibh teacht ar cheangal idirlín ba thapúla ná 30mbps ach ag 90.1% de na teaghlaigh, agus gan teacht ach ag 67.4% ar idirlíon ba thapúla ná 1gbps. Maidir leis seo, tá deighilt shoiléir idir an tuath agus na bailte/cathracha. Cé go raibh rochtain ar “leathanbhanda don Chéad Ghlúin Eile” ag Baile Átha Cliath ar fad (ar an gcósta thoir), níl rochtain ach ag tuairim idir 65% agus 95% i lár tíre agus ar chósta an iarthair, áiteanna ar teirce na daoine.
Tá sé le tuiscint as figiúirí ó Choimisiún na hÉireann um Rialáil Chumarsáide (Comreg) nach bhfuil ach 71% de theaghlaigh na hÉireann cláraithe le seirbhísí leathanbhanda. Toisc gur aithníodh gur mó áit in iarthar na hÉireann (seachas in oirthear na hÉireann) atá gan leathanbhanda ardluais, chuir an stát Plean Náisiúnta Leathanbhanda le chéile. Tá an plean ag dul chun cinn go han-mhall – ceapadh an plean ar dtús sa bhliain 2012, ach níor bronnadh conradh chun é a chur i gcrích go dtí 2019 – ach mar sin féin, tá an-uaillmhian ag baint leis agus is é an conradh aonair is luachmhaire (suas le €2.9bn) a bhronn an stát riamh. Tá sé beartaithe gur faoin mbliain 2016 a bheidh críoch curtha ar an bplean maidir le leathnú ar na seirbhísí leathanbhanda i gceantair thuaithe nach raibh freastal orthu roimhe seo. Tá sé beartaithe i straitéis digiteach náisiúnta an stáit “Digiteachas i dTairbhe” leathanbhanda 1GB a chur ar fáil go huilíoch faoin mbliain 2028.

Teicneolaíocht

Teileafónaíocht Sheasta

Is fada ó sháraigh an teileafónaíocht shoghluaiste an teileafónaíocht líne sheasta mar mhodh cumarsáide gutha. Ó céad ráithe na bliana 2023, b'ionann iomlán na nóiméad cainte ar líne sheasta agus 371m nóiméad i gcomparáid leis an 3.2bn nóiméad cainte ar fhóin phóca. Léirítear é seo in ioncam arb ionann luach iomlán na n-ioncam as caint ar línte fón soghluaiste agus €306m i R1 na bliana 2023, i gcomparáid le €101m d’ioncam as caint ar línte fón seasta.

 Laistigh de mhargadh na línte seasta, is ionann na ceithre comhlachtaí is mó agus 87.1% den mhargadh faoi stiúir Eir ar 43.3%, Virgin Media ar 20%, Vodafone ar 13.4% agus Sky ar 10.4%.

Léiríonn athlua roinnt comhlachtaí in earnálacha éagsúla thuas a mhéid a dhíoltar seirbhísí mar thairiscintí dé-chodacha, trí-chodacha, nú ceathair-chodacha ina mbeadh teileafónaíocht líne seasta, teilifís, leathanbhanda agus teileafónaíocht shoghluaiste. As an 2.41m línte seasta rannpháirtithe in Éirinn, is “bearta” iad 1.16m acu.

SoghluaisteTeileafónaíocht SheastaLeathanbhanda SoghluaisteSeasta LeathanbhandaDáileadh TeilifíseIoncam 2022 (€Mio)
Three43.6 %43.2 %579
Vodafone33.2 %13.4 %39 %20 %936.4
Eir14.8 %43.3 %17.8 %27.6 %6 %1244
Virgin Media20 %23.6 %16 %385
Sky10.4 %14.5 %37 %

Foinse: Mobile, Telephony and Broadband: ComReg Data Portal. Television Distribution: TAM Nielsen. Revenues: Financial Statements filed with Companies Records Office.

Dáileadh Teilifíse

Go pointe áirithe, is ionann réim theilifís chraolta na hÉireann agus réim an mhargaidh leathanbhanda, rud a léiríonn éagsúlacht na dteicneolaíochtaí a úsáidtear chun comharthaí teilifíse a dháileadh ar thithe agus ar ghnólachtaí na hÉireann. Is margadh lán-digiteach atá ann ó múchadh go brách an comhartha analógach trastíre i mí Dheireadh Fómhair 2012.

Baineann mórán tithe leas as roinnt teicneolaíochtaí dáileacháin ag an am céanna. Léirítear é seo i bhfigiúirí ó TAM Nielsen, an ghníomhaireacht rátála teilifíse, a dhéanann taifeadadh ar iomlán na dteicneolaíochtaí sin i dtithe in Éirinn mar aon le taifeadadh na dteicneolaíochtaí a úsáidtear go príomha i dtithe aonair.

Cineál Glactha ComharthaPríomh-Theicneolaíocht DáileacháinIomlán Láithreachta
Sky37 %37 %
Cábla16 %16 %
Teilifís Phrótacal Idirlín6 %7 %
Satailít Shaorchraolta16 %18 %
UK DTT5 %7 %
Irish DTT12 %38 %
Teilifís Idirlín Amháin7 %

Foinse: Suirbhé Forais TAM Nielsen, Mí Iúil 2023.

Mar sin, tá Saorview (an t-oibreoir DTT Éireannach (.i. Teilifís Digiteach Thrastíre, TDT) atá faoi úinéireacht RTÉ agus á oibriú ag a bhfochuideachta 2RN) i níos mó tithe (656,000 as iomlán de 1,736,000) ná aon teicneolaíocht/dáileoir eile. I bhformhór na dtithe in Éirinn ina bhfuil Saorview, áfach, is modh tánaisteach glactha é DTT (TDT) a úsáidtear i gcomhar le satailít, cábla nó teicneolaíocht dáileacháin eile leathanbhanda. Is gnách gurb é áit a mbíonn na tithe sin darb é Saorview an príomh-mhodh ghlacadh comhartha; ceantair thuaithe atá tearc i ndaoine nach bhfuil bonneagair chábla nó snáithíní iontu go fóill. Níl ar Saorview ach líon beag cainéal; go bunúsach, iad siúd a oibríonn RTÉ, TG4 agus Virgin Media Television (cé go bhfuil Sky News ar fáil faoi láthair freisin).

Is é Sky Digital, a bhfuil monaplacht de facto aige i margadh satailíte síntiúis na hÉireann, an príomhoibreoir dáileacháin teilifíse is mó in Éirinn. Is é Virgin Media Television an t-oibreoir cábla is mó agus, arís, tá monaplacht de facto aige sa mhargadh cábla. Tá Eir, a raibh 945,000 rannpháirtithe leathanbhanda aige ó R2 2023 ag méadú freisin sa mhargadh teilifíse agus é ag baint úsáide as a bhonneagar chun dáileadh Teilifís Phrótacal Idirlín a thairiscint do 91,000 custaiméir. Cé nach ionann an bonneagar a úsáideann Sky agus Virgin, is ionann an tsraith chainéal a chuireann siad ar fáil den chuid is mó. Is féidir le custaiméirí Virgin Media rochtain a fháil ar scannáin shíntiúis Sky agus ar phacáistí spóirt agus is féidir le custaiméirí Sky rochtain a fháil ar chainéil Virgin Media. Is ionann príomhbhealaí Eir agus iad siúd atá sna bunphacáistí a chuireann Sky agus Virgin ar fáil, cé nach bhfuil seirbhísí síntiúis ar nós Sky Sports ar fáil go díreach trí Eir faoi láthair. 

Tá méadú ag teacht ar líon na dtithe i nÉirinn atá gan aon seirbhísí dáileacháin a bhaineann go sonrach le hábhar teilifíse. B’fhéidir, áfach, go bhfuil teacht acu fós ar ábhar féachana trí leathanbhanda, agus go bhféachann siad air ar theilifís chliste nó ar ríomhaire. Meastar go bhfuil 5% de thithe na hÉireann tar éis rud ar a dtugann Béarlóirí na hÉireann “dodgy box” a shuiteáil lena mbíonn teacht ar ábhar saorchraolta agus ar ábhar síntiúis. Ní gá go bhfuil rochtain dá leithéid mídhleathach. I gcásanna den sórt sin, tá macasamhail bhradach déanta d’ábhar an tsíntiúis agus níl sealbhóirí na gceart do mhargadh na hÉireann ag fáil aon íocaíochta as a leithéid de rochtain. 

 

Meáin Shóisialta agus Ardáin ar Líne

Ghlac na hÉireannaigh go fonnmhar le húsáid na meán sóisialta. Tugann figiúirí ó Kepios le fios gur bhain 4 mhilliún duine (nó 80% den daonra) úsáid as na Meáin Shóisialta ó Eanáir 2023.

Léirítear é seo le méadú de réir a chéile ar úsáid na meán sóisialta mar fhoinse nuachta. De réir Thuarascáil Nuachta Digiteach Reuters d’Éirinn, tá méadú ó 16% in 2017 go 20% in 2023 ar an gcéatadán den daonra a úsáideann na meáin shóisialta mar phríomhfhoinse nuachta. (Maidir le fáil nuachta ar líne – gan na meáin shóisialta san áireamh – tá méadú tagtha freisin air ó 28% go 32% thar an tréimhse chéanna agus tá anois ar chomhchéim leis an teilifís mar phríomhfhoinse nuachta.) Tá úsáid na meán sóisialta le haghaidh nuachta an-choitianta go háirithe i measc an aosa óig: is í an fhoinse nuachta is coitianta í do dhaoine 18-24 bliana d’aois agus sáraíonn sí an teilifís, an raidió agus nuachtáin phriontáilte i measc daoine idir 18-44 bliain d’aois.

Irish Social Media Market 2023

ArdánLíon Measta Úsáideoirí 2023Úsáideoirí mar Chéatadán den Daonra Iomlán
Facebook2.8m49.6%
Facebook Messenger1.85m36.7%
Youtube4.02m79.8%
Instagram2.3m45.6%
TikTok2.13m42.3%
LinkedIn2.7m53.6%
Snapchat2.05m40.7%
Twitter / X1.7m33.7%
Pinterest0.645m12.8%

Foinse: Kepios Datareportal. Digital 2023: Ireland

Éire mar Bhunáit na bhFathach Teicneolaíochta san Eoraip

Is in Éirinn a bhunaigh na cuideachtaí seo a leanas a gceanncheathrú Eorpach (agus i mórán cásanna, a gceanncheathrú Eorpach, Mheánoirthearach, agus Afracach): Google, Facebook, Twitter, TikTok, LinkedIn, Microsoft, Ebay, Amazon, PayPal, IBM, Apple and Airbnb. Go deimhin, tá oifigí Google, Facebook, Twitter, Airbnb, Tiktok, LinkedIn, Amazon go léir i bhfoisceacht dá chéile gar do cheantar Dugaí na Canálach Móire i mBaile Átha Cliath. Ní hamháin gur trí éifeacht cheirtleáin a ráiníonn an oiread sin cuideachtaí san earnáil chéanna bheith in aon áit amháin, ach léiríonn sé ceann de na bunchlocha de bheartas eacnamaíoch na hÉireann ó dheireadh na 1950idí: Infheistíocht Díreach Eachtrach (IDE) a spreagadh go gníomhach.

Tháinig laghdú de réir a chéile ar an ráta caighdeánach cánach corparáide ó 40% go 12.5% ​​idir 1996 agus 2003 mar phríomhdhreasacht do ghnólachtaí thar lear le bunú in Éirinn. Ar dtús, mheall comhlachtaí (amhail Údaráis Forbartha Tionscail) IDE trí thionscail déantúsaíochta atá dian ar shaothar  Mar sin féin, le teacht chun cinn na bhFathach Teicneolaíochta ó dheireadh na 1990idí ar aghaidh, tháinig tábhacht nua (ar dócha nach rabhthas ag súil leis) le ráta íseal cánach corparáide na hÉireann. Bhí tionchar ag nádúr trasnáisiúnta ghníomhaíochtaí na n-ardán ar líne ar straitéisí nua leithdháilte ioncaim. D’fhéadfadh ardán meáin shóisialta ioncam a fháil trí fhógraíocht a dhíol i iliomad tíortha ach d’fhéadfaí an t-ioncam sin a chur - go dlithiúil - i leith cibé tíre ar chláraigh an t-ardán a oibríochtaí ceanncheathrún inti. Tá dreasacht láidir ann ioncam (agus go háirithe brabúis) a chur i leith cibé suímh a thairg na rátaí cánach corparáide is ísle, agus is í Éire an tír is ísle rátaí san Aontas Eorpach ó 2003 i leith gan teip.

Beagán Cánach, Mórán Cáinte

Ina theannta sin, níl sa ráta cánach corparáide 12.5% ​​ach ceannlíne. Trí úsáid a bhaint as uirlisí seachaint cánach bonn-chreimeadh agus aistrithe brabúis (BAB) mar an “Double Irish” (“Éireannach Dúbailte”), is minic gurbh fhéidir le corparáidí ilnáisiúnta a bhfuil ceanncheathrú acu in Éirinn an ráta éifeachtach cánach corparáide a laghdú chomh híseal le 2.2%. Cé gur tháinig deireadh leis an meicníocht “Éireannach Dúbailte” i ndiaidh idirghabháil an Choimisiúin Eorpaigh ó 2020 i leith, tháinig struchtúir chánach eile (mar shampla an “Braiche Aonair”) chun cinn ina n-ionad a éascaíonn rátaí cánach sár-íseal comhchosúla.

Mar a luadh sa rannán comhthéacs “Geilleagar”, cruthaíonn na struchtúir chánach seo dreasachtaí láidre do chuideachtaí ilnáisiúnta “brabús neamhdháilte” (brabús nach léir a bhaint le haon áit ar leith) agus luach na maoine intleachtúla a bhaineann le díolacháin a chur i leith na hÉireann. Toradh eile na ndreasachtaí seo; saobh-léiriú ar ioncam náisiúnta. Sa bhliain 2015 mar shampla, tháinig méadú 34.4% ar OTI na hÉireann in aon bhliain amháin. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin gurbh é cinneadh Apple luach $300bn de Mhaoin Intleachtúil neamh-SAM go hÉirinn i R1 2015 a spreag é seo den chuid is mó, in ainneoin nach bhfuil aon láthair mhiondíola ar an mórshráid faoi úinéireacht díreach Apple i bPoblacht na hÉireann.

Tá roinnt díospóireachta mar thoradh air seo maidir le hÉire a bheith ina tearmann cánach. Dearbhaíonn roinnt taighde acadúil go láidir gurb amhlaidh í. Tá aighneas déanta ag rialtais Éireannacha i ndiaidh a chéile faoi seo agus deir an ECFE freisin nach gcomhlíonann Éire na critéir atá riachtanach dá leithéid de shonrú (Ráta cánach nialais, easpa trédhearcachta srl).

Is í an cheist ná cad é an caighdeán gaoil atá idir na Fathaigh Theicneolaíochta agus stát na hÉireann. Is léir go bhfáiltítear go hoifigiúil rompu. Tá méid mór daoine fostaithe acu in Éirinn cé go bhfacthas in 2022 go raibh tús le srianadh éigin ina leith seo. Tá 5000 daoine fostaithe go díreach ag Google agus thart ar 3,000 daoine fostaithe ag Meta. (Tá na mílte eile fostaithe acu ar bhonn conartha nó go hindíreach.) Tá 6,000 daoine fostaithe ag Apple ag a mhonarcha i gCorcaigh, 3500 ag Microsoft ag a bhunáit i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus 5,000 ag Intel ag a shaoráid i gCill Dara. I mí Aibreáin 2022, thaistil Tánaiste na hÉireann Leo Varadkar go himeacht Google i gCalifornia chun “Gradam Aitheantais Speisialta” a thabhairt don chuideachta mar aitheantas ar an “an méid thar meon atá déanta ag an gcuideachta dár dtír” ó bhunaigh sí oifig in Éirinn den chéad uair sa bhliain 2003.

Mar sin féin, tá an stát ag brath níos mó ar na fathaigh teicneolaíochta bheith ann ar bhealaí eile. Measadh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Comhairle Fhioscach na hÉireann i mí an Mheithimh 2023 nach raibh ach trí ghnólacht freagrach as aon trian d’fháltais Cháin Chorparáide na hÉireann idir 2017 agus 2021. Tagann sé seo in am ina bhfuil airgeadas poiblí na hÉireann ag brath níos mó ar cháin chorparáide: b’ionann cáin chorparáide agus an ceathrú cuid de na fáltais chánach ar fad faoi 2022 (ardú ó díreach 4% i 1984). Níor ainmnigh tuarascáil na Comhairle na trí ghnólacht ach is cinnte go bhfuil siad tarraingthe “ó ghearrliosta a chuimsíonn Apple, Google, Microsoft, Meta, Pfizer agus Intel.”

> Léigh tuilleadh faoi Bhrabús agus Chánacha Cuideachtaí Teicneolaíochta

Sa bhliain 2022, thaifead cuntais Apple Éireann ioncam de €204.1 billiún agus brabús de €63.5 billiún. Cé nach dtuairiscíonn siad íocaíochtaí cánach corparáide na hÉireann, bheadh ​​bille cánach de €7.9 billiún ann dá gcuirfí an ráta caighdeánach cánach corparáide 12.5% ​​i bhfeidhm ar an mbrabús sin. Thuairiscigh Google Éireann €64.8 billiún d’ioncam sa bhliain 2021. B'ionann an brabús comhlán agus €50.5 billiún ach ní raibh sa bhrabús réamh-chánach ach €2.84 billiún agus d'íoc an comhlacht €395.8 milliún mar cháin chorparáide.

Thaifead “Meta Platforms Ireland Limited” €52.3 billiún d’ioncam sa bhliain 2021 agus €1.184 billiún mar bhrabús réamhchánach. D’íoc an gnólacht €699.3m mar cháin chorparáide arb ionann é agus €485.89mm a bhain le gníomhaíochtaí an ghnólachta sa bhliain 2021 chomh maith le €212.3m eile chun cúrsaí cánach gan réiteach a bhain le blianta roimhe sin a réiteach.

Thaifead an dá phríomhfhochuideachta Éireannacha de chuid Microsoft (Microsoft Ireland Operations Limited agus Microsoft Ireland Research) €104 billiún mar ioncam carnach sa bhliain 2022. Bhí bille cánach corparáide €2.7 billiún mar thoradh air seo.

Go hachomair, tá ioncam cánach na hÉireann ag brath go díréireach ar ioncam a ghearrtar ar na Fathach Teicneolaíochta. Pé acu go ndéanann nó ach ndéanann corparáidí den sórt sin iarracht leas a bhaint as an gcumhacht a bhaineann lena bheith in Éirinn agus iad ag déileáil le stát na hÉireann, is léir go bhféadaidís feidhm a bhaint as an gcumhacht sin.

Tá dhá chás “clúiteacha” le meas ina bhféadfaí an chumhacht seo a chuir i bhfeidhm. Is é an chéad cheann an t-aighneas atá ar siúl le fada idir an Coimisiún Eorpach agus Apple maidir le Dliteanas Cánach Apple in Éirinn. Sa bhliain 2016, tar éis imscrúdú dhá bhliain, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil inar bhain sé de thátal as go raibh socruithe cánach Apple in Éirinn idir 2004 agus 2014 mar chineál cúnaimh stáit agus go raibh sé mídhleathach mar sin faoi Rialacha Iomaíochta an AE. D’áitigh an Coimisiún go raibh an bealach ar leith inar bhain Apple leas as an scéim “Double Irish” (féach thuas) ag brath ar dhá rialú ó Choimisinéirí Ioncaim na hÉireann a bhain go sonrach le Apple. Ós rud é nach raibh feidhm ag na rialuithe seo maidir le gnólachtaí eile, bhreithnigh an Coimisiún go raibh cóireáil fhabhrach faighte ag Apple arbh ionann é agus cineál státchabhrach. De réir an Choimisiúin, ba é a thoradh seo; ráta éifeachtach cánach Apple in Éirinn a laghdú ó 1% sa bhliain 2003 go 0.005% faoin mbliain 2014. Mar gheall air seo, d’ordaigh an Coimisiún do Apple na cánacha ar cheart dó a bheith faoi dhliteanas a aisíoc, suim is ionann agus €13bn móide ús.

Stát na hÉireann agus Apple Taobh le Taobh

Shocraigh Apple láithreach achomharc a dhéanamh in aghaidh an bhreithiúnais agus €13bn á thaisceadh i gcuntas eascró le linn an achomhairc. B’fhéidir gur ábhar iontais é gur thacaigh stát na hÉireann go láidir le hachomharc Apple ag áitiú nach bhfuair Apple aon bhuntáistí cánach speisialta.
B’fhéidir gurbh ábhar iontais é fonn mór bheith ar an stát gan glacadh le suim a bheadh ​​comhionann le 10% den OTI a fháil. Mar sin féin, ní mór a rá, ó thaobh rialtas na hÉireann de, gur baol rialú an Choimisiúin don phríomheilimint de thairiscint iomaíoch na hÉireann agus í ag iarraidh caipiteal trasnáisiúnta a mhealladh I mí Iúil 2020, chinn Cúirt Ghinearálta na hEorpa i bhfabhar Apple, ag rá gur theip ar an gCoimisiún a léiriú go raibh buntáistí cánach speisialta faighte ag Apple ó stát na hÉireann ar chaighdeán dlíthiúil riachtanach. Ba faoiseamh do rialtas na hÉireann an rialú (cé ná dúradh go hoifigiúil é) ach rinne an Coimisiún achomharc láithreach. Ó shamhradh 2023, tá an próiseas achomhairc fós ar siúl (agus ní bheidh sé críochnaithe go dtí Samhain 2023). Ní dócha, áfach, go ndéanfaidh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa cinneadh Iúil 2020 a aisiompú.

Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí: ‘Áit Sábháilte’ le haghaidh Sonraí?

Baineann an cás mór eile ar a bhféadfaimis breithniú a dhéanamh ar na naisc idir Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí (CCS), na Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (RGCS) agus conas a chuirtear na cinn deiridh i bhfeidhm ar na Fathach Teicneolaíochta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, rud a fhágann faoi réim rialúcháin an CCS iad. Sa bhliain 2013, rinne mac léinn dlí na hOstaire, Max Schrems gearán in aghaidh Facebook le Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí ag áitiú go raibh Facebook ag aistriú a shonraí pearsanta (agus sonraí gach úsáideoir Facebook atá bunaithe san AE) chun na Stát Aontaithe ar bhealach a sháraigh an reachtaíocht an AE um chosaint sonraí. Toirmisceann reachtaíocht an AE sonraí a bhaineann le saoránaigh an AE a aistriú chun tíortha nach tíortha de chuid an AE iad ach amháin más féidir leis an gcuideachta a aistríonn na sonraí ráthaíocht a thabhairt go bhfuil siad cosanta “go cuí”. Rinneadh gearán Schrems i gcomhthéacs a bhain leis an sceithire Edward Snowden maidir le hoibríocht chlár PRISM (de chuid Ghníomhaireacht Náisiúnta Slándála (GNS) na SA) a bhailigh ábhar cumarsáide úsáideoirí ó raon cuideachtaí teicneolaíochta (lena n-áirítear Facebook) chun críocha faisnéise. Go deimhin d’áitigh Schrems go bhféadfadh Facebook na sonraí sin a chur ar fáil don GNS agus sonraí a bhaineann le saoránaigh an AE á n-aistriú go Facebook sna SA. Dhiúltaigh Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann ag an am don ghearán ag lua go raibh comhaontú SA-AE “Safe Harbour” na bliana 2000 ann a chinntíonn saorshreabhadh sonraí idir an AE agus SAM a sholáthair na cuideachtaí teicneolaíochta a d’aistrigh na sonraí sin faoi dhlínse chomhlachtaí forfheidhmithe SAM. Rinne Schrems achomharc i gcoinne an chinnidh le hArd-Chúirt na hÉireann a chuir faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é. I mí Mheán Fómhair 2015, shocraigh Abhcóide Ginearálta na Cúirte, i bhfianaise nochtadh Snowden, go raibh comhaontú 2000 “Safe Harbour” neamhbhailí toisc nach bhféadfaí a mheas go dtugann sé ráthaíochtaí go leor maidir le slándáil sonraí úsáideoirí an AE.

Cé gur fhág cinneadh na Cúirte lámha an CCS gan bheith ceangailte a thuilleadh leis an gcomhaontú Safe Harbour, lean Facebook go sonrach ar aghaidh ag aistriú sonraí ag áitiú go raibh sé ceadaithe é sin a dhéanamh ar bhonn comhaontuithe “clásail chaighdeánacha chonarthacha” (CCCanna) inar ghlac úsáideoirí aonair le réamhchoinníoll chun cuntais Facebook a chruthú. I mí na Nollag 2015, chuir Schrems a ghearán bunaidh a bhain le Facebook faoi bhráid an CCS Éireannach ag áitiú gur cheart go mbeadh na CCCanna faoi réir rialú na Cúirte Eorpaí freisin. Cuireadh an gearán ar aghaidh arís chun Ard-Chúirt na hÉireann a d’aontaigh go bunúsach le seasamh Schrems i mí an Mhárta 2017.

RGCS agus an Caidreamh le Fathaigh Theicneolaíochta

Cibé an bhfuil sé cothrom nó nach bhfuil, tá dearcadh i bParlaimint na hEorpa mar gheall ar an gclaonadh atá ag CCS na hÉireann “atreorú” nuair a bhíonn cásanna deacra cosanta sonraí agus na moilleanna freagra a thabhairt ar ghearáin a bhaineann le cosaint sonraí le tuiscint i bParlaimint na hEorpa go mb’fhéidir nach bhfuil ar chumas rialtóir na hÉireann póilíniú a dhéanamh ar na fathaigh theicneolaíochta faoina ndlínse. I mí na Bealtaine 2021, rith Parlaimint na hEorpa rún a d’iarr ar an gCoimisiún Eorpach nós imeachta sáraithe a oscailt in aghaidh na hÉireann as mainneachtain an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS) a tugadh isteach sa bhliain 2018 a fhorfheidhmiú. In aitheasc le Feisirí Eorpacha sa bhliain 2023, dhiúltaigh an Coimisinéir um Chosaint Sonraí na hÉireann faoi láthair, Helen Dixon, scéal a thug le tuiscint go raibh gá le hiallach a chur ar an CCS arís agus arís eile maidir le seasamh níos láidre a ghlacadh maidir le fathaigh theicneolaíochta ag rialtóirí ó bhallstáit eile an AE. Tá an scéal sin mar shampla i dtuarascáil 2023 ó Chomhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta (CESS). Tharraing CESS aird ar an bpointe go raibh 67% de chinntí imscrúdaithe RGCS Choimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí i gcásanna AE sáraithe ag vóta tromlaigh ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (BECS). I ngach cás, tá gníomhartha forfheidhmithe níos déine á lorg ag baill BECS.

Luaigh an CESS freisin, gur rinne CCS na hÉireann “réiteach cairdiúil” ar 46 cinn de na 55 cásanna trasteorann a bhain le RGCS idir 2018 agus 2022. Ós rud é nach raibh i gceist le 9 ngearán as 10 ngearán a cuireadh faoi bhráid an CCS ach ocht bhfathach teicneolaíochta, cheistigh an CESS éifeachtúlacht an chur chuige chairdiúil seo ag tabhairt faoi deara go ndéanann treoirlínte an BECS abhcóide go sonrach in aghaidh úsáid a bhaint as an gcur chuige cairdiúil le haghaidh athchiontóirí.

Is léir as sin – bíodh sé cothrom nó ná bíodh – ná gur dídhreasacht é (maidir le cur chuige níos déine a ghlacadh maidir lena rialáil na bhfathach teicneolaíochta) an tábhacht straitéiseach a bhaineann le ceanncheathrúna na bhfathach teicneolaíochta a bheith lonnaithe in Éirinn.

Foinse

Broadband Coverage in Europe in 2021, European Commission (2021), Accessed on 9 October 2023.

Broadband Connectivity Survey 2023, Commission for Communications Regulation, Accessed on 9 October 2023.

Harnessing Digital - The Digital Ireland Framework,  Department of the Taoiseach (2023), Accessed on 9 October 2023.

Kepios Datareportal. Digital 2023: Ireland, Accessed on 9 October 2023.

Digital News Report Ireland, Reuters Institute for Journalism (2022), Accessed on 9 October 2023

Irish Times, 13 June 2018, Mark Paul, “Ireland is the world’s biggest corporate ‘tax haven’.

Special Recognition Award “recognises the contribution of Google to Ireland”, Department of Enterprise, Trade and Employment (2022), Accessed on 9 October 2023.

Google to receive special recognition award from IDA Ireland, Irish Times (2021), Accessed on 9 October 2023.

Irish Times, 7 April 2023, Apple reports €63.5bn profit at main Irish subsidiary.

Irish Times, 7 April 2023, Two Microsoft Irish subsidiaries paid more than €2.7bn in corporate tax last year)

Joe Brennan “Ireland wins appeal in €13 billion Apple tax case“ Irish Times, July 15 2020.

  • Project by
    FuJo Logo
  •  
    Global Media Registry
  • In cooperation with
    EUROMO
  •  
    Co-funded by European Union