Córas Polaitiúil
Bunaíodh Poblacht na hÉireann mar dhaonlathas parlaiminteach ina bhfuil parlaimint roinnte ina dhá chuid: Dáil ina dtoghtar a cuid comhaltaí go díreach agus an Seanad (Senate) ina dtógtar a cuid comhaltaí ó cheapacháin pholaitiúla dhíreacha agus as toghchórais theoranta amhail céimithe ollscoile. Tá bunreacht scríofa aige a théann siar go dtí an bhliain 1937 (ach atá leasaithe go minic ó shin). Is é an tUachtarán an Ceann Stáit ainmniúil ach, cé go bhfuil údarás éigin aige nó aici, níl i gceist lena c(h)uid feidhmeanna i ndáiríre ach ról deasghnách agus is é ceannaire an rialtais, an Taoiseach (focal arb é is brí leis go litriúil ná “ceannaire” nó “ceannasaí”), atá ina c(h)eann stáit i ndáiríre.
Cleamhnachtaí Polaitiúla - Tá a ré caite
Cé nach gcuirtear cosc go follasach ar pholaiteoirí nó ar pháirtithe polaitíochta cuideachtaí meán cumarsáide a bheith ina seilbh nó faoina smacht acu, níor dhual do dhaoine a leithéid a dhéanamh in earnáil na meán in Éirinn sa 20ú haois. Ba mhór idir seo agus an nós a bhíodh i réim sa 19ú haois, am inar dhual dá gcleamhnacht pholaitiúil a bheith ina saintréith do nuachtáin - bíodh siad le léamh go háitiúil nó go náisiúnta - agus b’ionadúil gur do dhream amháin as dhá dhream a bhí nuachtán dílis: Bhíodh siad dílis d’Aontachtaithe nó do Náisiúnaithe. Bunaíodh an Irish Times mar pháipéar measartha ar son na neamhspleáchais (nó “Rialtas Dúchais”) sa bhliain 1859 (cé gur tháinig lucht a scríofa ar mhalairt aigne faoi thacú leis an Aontas leis an mBreatain tar éis don teaghlach Arnott é a cheannach sa bhliain 1873). An chloch ba mhó ar phaidrín lucht bunaithe an Irish Independent in 1896 ná tacú le Charles Stewart Parnell mar cheannaire ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann (dream a bhí ar son an neamhspleáchais) ag am a raibh míchlú air i súile roinnt daoine ina pháirtí féin toisc é a bheith i gcaidreamh le bean phósta. É sin ráite, cé go raibh sé ar son Rialtais Dúchais i gcónaí, ní raibh a sheasamh polaitiúil ina leith leath chomh follasach, é ag glacadh meon eagarthóireachta níos sochaideartha/níos pobalaí chuige féin mar sheift le hé féin a dhéanamh níos tarraingtí do lucht léitheoireachta níos leithne. Thacaigh ionann is gach páipéar náisiúnta (an Irish Times san áireamh) le cinneadh Shinn Féin, an páirtí polaitíochta a tháinig in ionad Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann sna 1910idí, conradh a shíniú leis an mBreatain Mhór in 1921 chun Saorstát Éireann neamhspleách a bhunú. Fiú tar éis do Chogadh Cathartha briseadh amach idir na faicsin sin de Shinn Féin a thacaigh agus nár thacaigh leis an gConradh, chloígh na nuachtáin leis an seasamh sin. (Go deimhin ó thús deireadh an 20ú haois geall leis, glacadh leis go raibh luí leanúnach ag an Irish Independent le Cumann na nGaedhael, an páirtí a d’eascair as an eite de pháirtí Shinn Féin a bhí ar son an Chonartha i ndiaidh an Chogaidh Chathartha. Ba é an dála céanna é ag an dream a tháinig i gcomharbas orthu, an páirtí Fine Gael.)
Spreag an dearcadh go raibh na meáin chlóite in Éirinn ar son an Chonartha den chuid is mó bunú preasa a bhí go follasach ar son páirtí, áfach. Ba é cheannaire Fhianna Fáil, Eamon de Valera, a bhunaigh The Irish Press Group in 1931 d’fhonn dearcadh polaitiúil a pháirtí féin a chur in iúl. Cé nach le Fianna Fáil go baileach é (fad is a bhí sé ar an bhfód, d’fhan teaghlach de Valera ina scairshealbhóirí rialaithe ar an ngrúpa), thacaigh sé go gníomhach agus go follasach leis an bpáirtí mar sin féin, go háirithe le linn an chéad chúpla deich mbliana tar éis a bhunaithe. Bhí an-ráchairt ar an nuachtán, leis, agus, nuair a cuireadh le chéile díolachán thrí theideal an Ghrúpa – The Irish Press, The Sunday Press agus The Evening Press – ba iad ba mhó díol iad d’aon ghrúpa nuachtán Éireannach i mblianta lár an 20ú haois. Tháinig laghdú tapa ar dhíolachán na bpáipéar sna 1980idí, áfach, agus ainneoin iarrachtaí leanúnacha é a choinneáil ag gabháil (lena n-áirítear an iarracht a rinne grúpa a bhí in iomaíocht leis, Independent News and Media, é a cheannach) rinneadh an Grúpa a scor in 1995. B’in deireadh le ré na ndlúthchaidreamh idir mórchuideachtaí meán cumarsáide agus páirtithe polaitíochta.
Earnáil Neamhspleách sa Lá atá Inniu Ann
Rud eile de, seachas i gcúinsí fíor-eisceachtúla, ba bheag tionchar, go hindíreach fiú, a bhí ag an stát ar na meáin tráchtála in Éirinn go dtí an lá inniu féin. De bharr cúinsí sonracha an dara cogadh domhanda thug an stát córas cinsireachta cló isteach trí bhíthin an Achta Cumhachtaí Práinne, 1939, ar dearadh é lena chinntiú nach gcuirfeadh eagarfhocail nuachtán isteach ar neodracht na hÉireann. Cuireadh deireadh leis seo, áfach, a luaithe in 1945 a bhí an saol ar ais mar a bhí. Ní raibh fóirdheontais státmhaoinithe do na meáin riamh mar ghné d’éiceolaíocht na meán in Éirinn agus níor ghá a bheith buartha mar sin go gcuirfeadh a leithéid de dhreasacht cathú orthu éirí claonta ar son aon pháirtí ar leith. Ó 2002 i leith, tá ciste tacaíochta léiriúcháin craolacháin a mhaoinítear ó tháillí ceadúnais ann ar a dtugtar an Scéim Fuaime agus Físe agus atá ar fáil do gach craoltóir ar oileán na hÉireann. Is ann dó chun tacú le déanamh ábhair a bhfuil gné de sheirbhís phoiblí ag baint leis. Is é Coimisiún na Meán a riarann an scéim, áfach, agus ní léir aon bhealach soiléir inár féidir le lucht rialtais leas a bhaint as chun dul i gcion ar ábhar na meán.
Ós rud é go bhfuil Meáin Seirbhíse Poiblí, RTÉ, faoi úinéireacht an stáit, luadh é seo mar chruthúnas go bhfuil sé claonta ar son an rialtais é. Is beag fianaise atá ann ina leith seo. Is Bord a cheapann an tAire Cumarsáide atá freagrach as RTÉ a riaradh ó lá go lá agus níl aon bhealach ag an stát le cur ina luí ar an gcraoltóir ábhair áirithe a chur chun cinn nó ábhair eile a fhágáil ar lár. Cé gurb í an stát a shocraíonn méid na táille ceadúnais craolacháin ar é an ghné phoiblí de chistiú RTÉ é, braitheann an teacht isteach ar líon na saoránach atá sásta an táille ceadúnais a íoc. Pé scéal é, ó tháinig sé ar an bhfód in 1960, ba ó fhoinsí tráchtála agus ní ó fhoinsí poiblí a tháinig mórchuid chistiú RTÉ. Ar a mhéad, d’fhéadfaí a áitiú gur dual don chraoltóir cloí leis an talamh láir ó thaobh na polaitíochta de agus é de nós aige caitheamh le haon tuairim nach mbaineann le réimse cúng an láir mar thuairim “radacach”. Idir 1926 agus 1961 nuair ba iad státseirbhísigh a bhí i mbun réamhtheachtaithe RTÉ (“2RN” agus “Raidió Éireann”) a riaradh, bhí an eagraíocht geall le bheith neamhpholaitiúil sa mhéid is gur bheag ábhar polaitíochta/cúrsaí reatha a bhí á chraoladh aige. D’athraigh sé seo ceart go leor nuair a thug an tAcht Craolacháin, 1960, deighilt shoiléir isteach idir rialú stáit agus oibriú an chraoltóra ó lá go lá. De réir mar a bhain an stáisiún feidhm as an saoirse nuafhaighte a bhí aige tuairisciú go gníomhach ar chúrsaí polaitíochta, chuir sé seo goimh ar aicme pholaitiúil nach raibh taithí acu go dtí seo ar a bheith curtha faoi ghrinnscrúdú ag craoltóir “dá gcuid féin”, dar leo. D’éirigh eatarthu cúpla uair mar gheall air seo, aighneas a tháinig go cnámh na huillinne in 1972 nuair a thug rialtas Fhianna Fáil bata agus bóthar do lucht ceannais iomlán RTÉ. Cé go bhfuil gach páirtí polaitíochta tar éis cur ina leith RTÉ faoin am seo go bhfuil sé claonta ina choinne nó go bhfuil sé i bhfabhar páirtí atá in iomaíocht leis, ba chosúil go raibh an nimh san fheoil ag lucht Fhianna Fáil go háirithe don chraoltóir i rith na 1980idí agus na 1990idí. Ba léir ón gcaoi inar tugadh craolachán tráchtála isteach ag deireadh na 1980idí agus ag tús na 1990idí gur fonn múineadh a chur ar na MSP a spreag lucht a dhéanta chun gnímh go páirteach. Ba léir an nimh san fheoil a bheith ann i gcónaí ón ndrogall a bhí ar na páirtithe uile méaduithe fadtéarmacha a cheadú ar an sciar poiblí den chistiú don stáisiún (trí bhíthin táille ceadúnais craolacháin a ghearradh). Níor tháinig aon athrú ar an £IR62 a gearradh mar tháille cheadúnais idir 1986 agus 1996 agus ó bhí 2008 ann anuas go dtí 2023 níor tháinig aon mhéadú uirthi ach an oiread.
> Breis eolais faoi chóras polaitíochta na hÉireann
D’fhéadfaí a rá go bhfuil polaitíocht na hÉireann a bheag ná a mhór sa lár: go dtí seo, is beag rath a bhí ar ghrúpaí polaitiúla i bhfad amach ar an eite chlé nó i bhfad amach ar an eite dheis in aon toghchán. Bhí an lámh in uachtar ag dhá pháirtí sa pholaitíocht in Éirinn ó bunaíodh an stát. Fianna Fail agus Fine Gael. Ba as scoilt sa pháirtí náisiúnach a bhí i dtreis roimh neamhspleáchas a bhaint amach, is é sin, Sinn Fein, a d’eascair an dá pháirtí. Nuair a vótáil an Dáil ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh i mí Eanáir 1922, d’éirigh an dream a chaith vóta i gcoinne rith an Chonartha as an Dáil ansin agus bhris cogadh cathartha amach ar feadh bliana dá bharr. Iadsan a thacaigh leis an gConradh, athbhunaigh siad iad féin mar Chumann na nGaedheal agus ó 1933 i leith mar Fhine Gael (go litriúil “Treibh na nGael”). Maidir le hiadsan a chaith vóta i gcoinne an Chonartha, ba iad an miondream a bhunaigh páirtí eile, Fianna Fail, in 1926. Cé gur thug siad eiteach faoi dhlisteanacht Shaorstáit na hÉireann a aithint ar dtús agus gur dhiúltaigh siad a suíocháin a ghlacadh sa Dáil, rinne siad athchomhairle tar éis toghchán na bliana 1927 agus idir 1932 agus 2011, ba iad an páirtí ba mhó sa Dáil formhór mór an ama.
Is é rud a tháinig as dhá pháirtí a bheith i dtreis agus gan de dhifríocht eatarthu ach an meon a bhí acu i leith conradh síochána a bhí ann le céad bliain ná nár leithscar polaitíocht na hÉireann feadh an leanúntais idir an eite chlé agus an eite dheis mar a tharla i neart tíortha san Eoraip. (D’fhéadfaí a rá gur páirtithe ar dheis ón lár iad Fianna Fail agus Fine Gael araon.) Is ann do pháirtithe a raibh luí acu leis an eite chlé i gcúrsaí polaitíochta na hÉireann ó bunaíodh an stát: fuair Páirtí an Lucht Oibre (a bunaíodh in 1912 mar eite pholaitiúil de Chomhdháil Cheardchumann na hÉireann) 21.4% de na vótaí príomhrogha sa chéad toghchán tar éis neamhspleáchas a bhaint amach in 1922 (an sciar vótaí ba mhó riamh a fuair siad go dtí seo) ach chuaigh sé dian orthu i rith an 20ú haois an líon céanna ionadaithe a bhaint amach agus a bhí ag Fianna Fáil agus Fine Gael. Go dtí na 1980idí, ba ghnách don dá pháirtí seo 80% de na vótaí príomhrogha a roinnt eatarthu féin in olltoghcháin
Is mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn ó tharla an tobchliseadh airgeadais in 2008, áfach. I dtoghchán na bliana 2011, chaill Fianna Fail 51 de na 71 suíochán a bhí aige. Fuair Fine Gael tuairim is leath díobh seo ach fuair an Lucht Oibre agus roinnt teachtaí dála neamhspleácha a raibh luí acu leis an eite chlé an chuid eile. Tá an bogadh i dtreo na heite clé ag dul ar aghaidh go fóill. I dtoghchán 2022 tháinig laghdú 43% ar sciar Fhianna Fáil agus Fhianna Gael den vóta in éineacht agus fuair Sinn Féin an sciar vóta ba mhó, páirtí a d’eascair ón dream polaitíochta a bhí fágtha nuair a tharla scoilt de bharr an Chonartha in 1922. Cé gur dlúthchuid dá bhféiniúlacht é bheith ina pháirtí Poblachtánach (agus iad tar éis a rá go bhfuil athaontú Thuaisceart Éireann le Poblacht na hÉireann mar sprioc beartais acu san fhadtéarma), fós féin tá claonadh ag Sinn Féin i dtreo an tsóisialachais. Má chuirtear tacaíocht Shinn Féin san áireamh le tacaíocht an Lucht Oibre, na nDaonlathaithe Sóisialta agus an Comhaontais Pobal seachas Brabús (mar aon le dornán Teachtaí Dála neamhspleácha (comhaltaí na parlaiminte)), d’fhéadfaí a rá go bhfuil mionlach suntasach ann a bhfuil luí acu leis an eite chlé (35% - 40%) i bparlaimint na hÉireann (cé nach sa rialtas atá siad) ó bhí toghchán 2022 ann.
Is é an Comhaontas Glas an ghné dheireanach de ghnáthpholaitíocht na hÉireann. Tar éis bunú dó in 1981, ba pháirtí imeallach é go dtí 2007 nuair a chuaigh seisear comhaltaí parlaiminte dá chuid i gcomhrialtas le Fianna Fáil. Chaill sé gach ceann dá shuíochán ina dhiaidh sin i dtoghchán na bliana 2011 ach tá sé ag bailiú nirt arís de réir a chéile, 12 suíochán bainte amach aige in 2020 (an toradh is fearr aige riamh go dtí seo) agus chuaigh sé isteach i gcomhrialtas eile le Fianna Fáil agus Fine Gael in 2020.