Ar Líne

De réir Reuters Digital News Report for Ireland, is craobhacha d’asraonta meán oidhreachta iad naoi as deich de na brandaí digiteacha is mó úsáidte in Éirinn. Is é RTE News Online an branda nuachta is fearr ar líne lena bhfuil 24% den daonra a mbíonn rochtain acu ar nuacht ón suíomh seo go seachtainiúil. Is é Independent.ie an tríú branda nuachta digiteach ar líne is mó a bhfuil tóir air, irishtimes.com an ceathrú agus BreakingNews.ie an cúigiú (fochuideachta de chuid the Irish Times).

Cé go raibh moill ar asraonta oidhreachta na meán ballaí íocaíochta dá leaganacha ar líne a thabhairt isteach, tá siad ag éirí níos coitianta i measc nuachtán toisc go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar chiorclaíocht. Is iad straitéiseacha “digiteach ar dtús” ordú an lae agus ag dul i méid. Sheol The Irish Times balla íocaíochta saorimeartha nó “freemium” sa bhliain 2015 a lig do léitheoirí ar líne rochtain a fháil ar líon alt teoranta saor in aisce roimh íocaíocht riachtanach a lorg chun rochtain níos mó a fháil. Faoi dheireadh 2022, mhaígh the Irish Times Group go raibh thart ar 142,000 síntiúsóir dhigiteacha acu. I ndiaidh an múnla saorimeartha a ghlacadh freisin in 2020, mhaígh Mediahuis go raibh thart ar 70,000 síntiúsóir dhigiteacha ag independent.ie faoi Earrach 2023, is ag an bpointe sin a chuir POF Peter Vandermeersch in iúl go rabhthas ag súil go ndéanfar eagráin chló laethúla a chéimniú amach de réir a chéile faoi 2033. 

Foinse nuachta ar líne NACH BHFUIL an balla íocaíochta á ghlacadh acu is ea TheJournal.ie, an dara foinse nuachta ar líne is mó breathnaithe agus an t-aon cheann sna deich foinse nuachta is fearr ar féidir a mheas mar dhúchasach digiteach. Chomh maith leis sin, is sampla é TheJournal.ie ar an forluí coitianta in úinéireacht na meán agus na fógraíochta. Trí Distilled Limited, (comhfhiontar leis an ngrúpa meán Ioruach Schibsted) tá scaireanna in daft.ie. donedeal.ie, adverts.ie agus gumtree,ie ag úinéirí TheJournal.ie Eamon agus Brian Fallon. Bhunaigh Brian Fallon daft.ie, suíomh gréasáin chun maoin a liostú le haghaidh cíos agus díolacháin, sa bhliain 1997 agus tá sé fós ag feidhmiú go rathúil, le grúpa Distilled Limited ag cur an dá shuíomh gréasáin fógraíochta rangaithe is mó san áireamh Adverts.ie agus Donedeal.ie) agus  - go dtí 2021 - Boards.ie an fóram a raibh an tóir is mó air in Éirinn. (Tá an struchtúr asraon fógraíochta/meán tras-úinéireachta seo soiléir freisin taobh istigh de Mediahuis Ireland (carzone..ie) agus The Irish Times Group (myhome.ie)).

Ar Líne
  • Project by
    FuJo Logo
  •  
    Global Media Registry
  • In cooperation with
    EUROMO
  •  
    Co-funded by European Union